Anúncio
[Verso 1]
C F C Am F Céad slán le Sasana nár dheas an áit thú, mar is ann ab fhearr liom riamh socrú síos, C F C F C Bhíodh obair dheas agam ann 's mé fáil mo phá, bhí saol thar barr agam 's mé i mo chónaí i Leeds. C F C F Ach bhí an mí-ádh stracadh liom go dtug mé aird air nó gur thóg mé an bád bán abhaile arís, C F C G C Bhí fáilte ag mathair romham is an áit le fáil agam 's mo Mháirín sásta gur fhill mé arís.
[Verso 2]
C F C Am F Bhí rún agam casadh más luath nó mall é ach ar nós gach nádúr bhí sé istigh mo chroí, C F C F C Cén áit is deise leat ná an baile a dfhág tú i measc do chairde is do dhaoine gaoil? C F C F Tá píosa talún ann tá teach ceann slátaí, tá beithígh 's bád ann 's neart caoirigh ar shliabh?? C F C G C Níl tada ag teastáil uaim ach bean bhreá láidir 's tá Máirín fágtha fós sa teach seo thiar.
[Verso 3]
C F C Am F Tá na blianta ag breith uirthi a bhíonn daoine rá liom 's níor thug sí aon aird ar aon fhear fós, C F C F C 'séard a dúirt mo mhuintir liom ó fan mar atá tú 's beidh seans ar ball agat ar chailín óg, C F C F Ó ní ag caitheamh anuas é ar an áit ar fhág mé ach i Leeds i North Street is ann a bhíodh an spraoi, C F C G C Bhíodh piontaí Tetleys ann 's Johnny Walker, ní bheadh pian i gceann leat ná cloigeann tinn.
[Verso 4]
C F C Am F Ó sé mo bharúil go mbeidh mé arís ann mar níor shocraigh mintinn leis an tír seo fós, C F C F C Ní fheicim obair ar mhuir ná ar thír ann ach mair mas mian leat má fhaigheann tú an dole. C F C F Ó tháinig an cigire amach ón Roinn agam, ní ar cuairt a bhi sí ach mar gheall ar Dole, C F C G C 's nár cheap mo mháthair gur bean as Leeds i tráth ar fhiafraigh sí ar faoin díon seo a chónaíonn Joe.
[Verso 5]
C F C Am F Tá Joe sa mbaile anois ó thús an Gheimhridh Óóóó ní bhfuair sé pingin uaibh ná scilling fós C F C F C Ach sé mo bharúil gurb é Leeds arís é is maith luath Dé hAoine a bheidh mé Roundhay Road, C F C F Beidh obair sheasta agam ann gan mórán imní, cead codladh suaimhneach 's corr phionta a ól C F C G C i bhfad ón spíodóir atá faire scríobh ort dá mbeadh uan ag caora leat ná lao ag bó.
Enviado por: Jovelino Correa
Corrigido por: sem correções
Anúncio
Comentários